Loading...
Thumbnail Image
Item type:Publication,

Feargal Ó Béarra: scoláire agus scríbhneoir Gaeilge i mbláth a mhaitheasa ar lár

Ní Dhonnchadha, Máirín

Citations

Altmetric

Date

2023

item.page.type

journal article

item.page.downloads

Citation

Ní Dhonnchadha, Máirín. (2023). Feargal Ó Béarra: scoláire agus scríbhneoir Gaeilge i mbláth a mhaitheasa ar lár. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/2nyg-3f76

Abstract

D'imigh Feargal Ó Béarra ar shlí na fírinne ar an 21ú Nollaig 2022, agus is cailliúint ollmhór a bhás dá mhuintir, dá chairde agus do shaol na Gaeilge. Rugadh Feargal i mí na Bealtaine 1970. De bhunadh Mhuigh Eo a athair, Ted Berry (nach maireann), agus a mháthair, Sorcha (Sally) Ní Oistín, agus tháinig an lánúin chun cónaithe i mBoth Chuanna sa Spidéal. Saolaíodh cúigear mac dóibh, Micheál, Dónal, Éamonn, Ruaidhrí agus Feargal. D'adhain agus spreag siad suim na mbuachaillí sa Ghaeilge, san amhránaíocht agus i gcúrsaí spóirt, réimsí a mbeadh luí ag Feargal leo ar feadh a shaoil. Chuir an teaghlach préamhacha doimhne futhu sa phobal: eachtra amháin a thugann léargas greannmhar air sin ná an bhratach mhór a d'ardaigh na deartháireacha, Feargal ina measc, i bPáirc an Chrócaigh ag an gcluiche ceannais idir Gaillimh agus Cill Chainnigh sa bhliain 1987, agus 'Scaoil amach an Bobailín' scríofa uirthi. Ghabh an Brainse Speisialta chucu gan mhoill, agus iad ag ceapadh gur tacaíocht do phoblachtánaigh a bhí á fhógairt, ach míníodh dóibh go tapaidh nach raibh i gceist leis an nath cainte ach tacaíocht d'fhoireann na Gaillimhe! Is mó gáire a deineadh faoin eachtra i gCois Fharraige ina dhiaidh sin.

item.page.funder

Publisher

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe

item.page.publisherdoi

License

CC BY

Collections